Beathnaiséisí

Pádraig J. Ó hIrghile

I Sráid na Cathrach, Co. an Chláir a rugadh é an 2 Bealtaine, 1923, agus cháiligh sé mar dhochtúir leighis. Phós sé Mary Beatrice Finnegan i 1955.

Toghadh an Dr. Ó hIrghile do Dháil Éireann i 1951 do dháilcheantar an Chláir agus fuair sé a chéad cheapachán Rialtais mar Aire Oideachais i 1959.

Bhí roinnt post aireachta aige ina dhiaidh sin (Tionscal agus Tráchtáil, Saothar agus Gnóthaí Eachtracha) sular ceapadh é i 1973 mar Leas-Uachtarán ar Choimisiún na gComhphobal Eorpach a bhí ann an t-am sin agus freagracht speisialta air as Gnóthaí Sóisialacha. Bhí sé mar Choimisinéir go dtí 1976, nuair a insealbhaíodh mar Uachtarán na hÉireann é an 3 Nollaig, 1976.

Fuair Sé bás ar an dara lá deag d'Aibreáin 2008.

« Ar ais go dtí Beathnaiséisí

Patrick J Hillery
Patrick J Hillery
Patrick J Hillery
Patrick J Hillery