Beathnaiséisí
Máire Mhic Róibín
I mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo a rugadh í an 21 Bealtaine, 1944. Is abhcóide í Máire Mhic Róibín agus ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath nuair a bhí sí 25 bliana d'aois. In éineacht lena fear céile, Nicholas (phós siad i 1970) bhunaigh sí Lárionad na hÉireann do Dhlí Eorpach i 1998.
Bhí sí ina comhalta de Sheanad Éireann (Teach Uachtarach na Parlaiminte) 1969-89 nuair a toghadh í mar ionadaí do Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
Bhí sí ar na coistí parlaiminte seo a leanas:
An Comhchoiste ar Reachtaíocht Thánaisteach an CE 1973-89 agus mar Chathaoirleach ar a Fho-Choiste Gnóthaí Sóisialacha 1977-87, Cathaoirleach ar a Choiste Gnóthaí Dlí 1987-89; An Comhchoiste ar Chliseadh Póstaí 1983-85. Bhí sí ina comhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1979-83. An 3 Nollaig, 1990, insealbhaíodh Máire Mhic Róibín ina seachtú Uachtarán ar Éirinn. D'éirigh sí as oifig mar Uachtarán an 12 Meán Fómhair, 1997, chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna.





