An Chomhairle Stáit
Coimisiún na hUachtaránachta
Céard é féin?
I gcás neamhláithreachta, éagumais, báis, éirí as oifig nó mainneachtana chun feidhmeanna a chomhall i leith an Uachtaráin, tá foráil sa Bhunreacht do Choimisiún chun cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chleachtadh agus a chomhlíonadh.
Cé a bhíonn air?
An Príomh-Bhreitheamh, Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanad Éireann.
Sa chás nach mbíonn aon duine acu sin ábalta feidhmiú, is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte, an Leas-Cheann Comhairle agus an Leas-Chathaoirleach faoi seach, gníomhú mar chomhaltaí ina n-ionad.
Gníomhaíochtaí
Is dleathach don Choimisiún feidhmiú trí bheirt ar bith dá líon. In aon chás nach léir do shocruithe bunreachtúla roimhré é, is féidir leis an gComhairle Stáit aon socruithe a dhéanamh a mheasann siad a bheith cuí chun freastal ar an gcás a bhíonn i gceist. Is minic a shínigh an Coimisiún Billí ina ndlí agus a cheap comhaltaí Rialtais tar éis cheadú Dháil Éireann ar ainmniúchán an Taoisigh. Sa bhliain 1992, le linn don Uachtarán a bheith as láthair thar sáile, lánscoir an Coimisiún Dáil Éireann ar chomhairle an Taoisigh.
An Chomhairle Stáit
Cad í féin?
Forálann an Bunreacht do Chomhairle Stáit chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle. Tá na himthosca ina gcaithfidh an tUachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sonraithe sa Bhunreacht.
Cé a bhíonn uirthi?
Tá an Chomhairle Stáit comhdhéanta de thrí chatagóir comhaltaí .i.
1. De bhua oifige
An Taoiseach, an Tánaiste, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Ceann Comhairle, Cathaoirleach Sheanad Éireann, an tArd-Aighne.
2. Iarshealbhóirí oifige
Gach duine is toil leis agus a bhfuil ar a chumas feidhmiú agus a bhí ina Uachtarán, ina Thaoiseach nó ina Phríomh-Bhreitheamh tráth den saol.
3. Comhaltaí Ceaptha
Suas le seachtar comhaltaí eile arna gceapadh ag an Uachtarán.




