linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Leabharlann na Meán
Back Button Téigh ar Ais

Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn agus dealbh Phadraic Uí Chonaire á nochtadh aige

An Fhaiche Mhór, Gaillimh, 23 Samhain 2017



A Aíonna Oirirce, agus a Chairde,

Tá an-áthas orm a bheith anseo tráthnóna chun onóir a thabhairt do Ghaillimheach cáiliúil agus chun an saothar ealaíne seo a nochtadh.

I dtús báire ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Brendan McGrath, as an gcuireadh fial a thug sé dom a bheith in bhur gcuideachta inniu. Tá a fhios agam gur féidir liom a bheith muiníneach de go mbeidh fáilte chroíúil romham nuair a thugaim m’aghaidh siar thar an tSionainn.  

[I would like to begin by thanking Galway City Council Chief Executive Brendan McGrath for the kind invitation to be with you today. I am always confident of a very warm welcome when I travel west of the Shannon.]

The name Pádraic Ó Conaire is synonymous with Galway. Though born here in the city, he spent his formative years with extended family members in Connemara and in County Clare following the untimely death of his parents in 1887 and 1894.

Despite attending such august learning institutions as Rockwell College and Blackrock College, the young Pádraic was never overly academic and left school in 1899 with no formal exams or qualifications.

Ach an oiread leis an iliomad daoine roimhe, thóg sé an bád bán go Londain agus chláraigh sé láithreach le brainse Londan de Chonradh na Gaeilge, mar ar aimsigh sé a chúinne féin mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir Gaeilge. Go deimhin is ann a d’fhoilsigh sé a chéad ghearrscéal sa bhliain 1901, dar teideal An tIascaire agus an File sa Chlaidheamh Soluis, páipéar nuachta Éireannach agus náisiúnach, gan é ach naoi mbliana déag d’aois.  

Is ar théamaí na bochtaineachta, na himirce, an uaignis agus an alcólachais, agus ar théamaí eile nach iad, a dhírigh sé, den chuid ba mhó, ina chuid scríbhneoireachta luaithe. Scaip a cháil go tapa agus in 1906 bhuaigh sé gradam an Oireachtais as a shaothar gearrfhicsin ghruama Nora Mhárcais Bhig.

Fuair sé ardmholadh chomh maith as an novella Deoraíocht in 1910 agus tarraingíodh aird, freisin, ar a chnuasach gearrscéalta An Chéad Chloch in 1914.

By 1917 he had completed Seacht mBua an Éirí Amach, arguably his seminal work. Remember this was only one year after the rising, and the scars and wounds were still fresh. His script was accepted by Maunsels, who had published works by Padraig Pearse amongst others. Publisher Edward MacLysaght had the foresight to see what an impact Ó Conaire's writings would make and bought the copyright for a mere £50.

The book had to pass through a censorship process, but due in no small part to the influence of RIC Head Constable Peter Folan, a Connemara man with nationalist sympathies, the book was published in April 1918 in its raw unedited version.

Ba é Padraic Ó Conaire a leag síos caighdeán na scríbhneoireachta sa Nua-Ghaeilge.  Bhain sé leas as an nGaeilge san iriseoireacht chomh maith, céim cheannródaíoch eile. D’fhéadfaí a rá gurbh é an scríbhneoir Gaeilge ba nuálaí a tháinig as an Atbheochan Ghaelach agus le linn a shaoil ghearr d’fhoilsigh sé níos mó ná ceithre chéad gearrscéal, sé dhráma agus úrscéal gearr, chomh maith le thart ar 200 aiste iriseoireachta.

Ceapann údair ar nós Declan Kiberd go bhfuil an milleán ar chriticeoirí toisc nár aithin siad tábhacht Uí Chonaire don litríocht. Is féidir an rud céanna a rá faoi chúrsaí pholaitíochta agus aitheantas an phobail. Sheas Pádraic sna toghcháin áitiúla mar shóisialacht agus mar bhall den Lucht Oibre, ach chaill sé a “deposit” [thaisce]. Ní raibh a thuairimí radacacha inghlactha ag muintir na cathrach ag an am sin.

Ar aghaidh linn mar sin go dtí an phríomhchúis a bhfuilimid anseo inniu. Is ábhar aoibhnis an mhacasamhail de dhealbh Phadraic Uí Chonaire a fheiceáil ar ais san áit is dual dó ar an bhFaiche Mhór arís, áit a mbíonn an solas agus an scáth ag damhsa trasna na spéire, agus iad á dtionlacan ag aimsir luaineach an Atlantaigh.

The previous statue had something of a chequered and colourful past. It was a focal point in the city for the native Galwegians and visitors alike. A meeting place for a night out if you were travelling up the country for a match. And more than one marriage proposal has been performed under the gaze of Padraic.

Chonacthas go leor cuairteoirí cáiliúla ina chuideachta ar an bhfaiche sna blianta ó nocht Éamon De Valera é in 1935. Agus ar ndóigh, thug an cúigiú Uachtarán is tríocha ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, John Fitzgerald Kennedy, cuairt air ar an 29 Meitheamh 1963, níos lú ná 5 mhí ó fuair sé bás go tragóideach in Dallas.

Is faoina amharc, freisin, a chonacthas corn Liam Mhic Chárthaigh ag teacht ar ais le Joe Connolly in 1980 tar éis bhearna seacht mbliana agus leathchéad.

Ait go leor, corraíodh Padraic óna frapa chun áit a dhéanamh do leacht cuimhneacháin don Chinnéideach. Tharraing a athlonnú, go láthair nach raibh chomh feiceálach céanna san fhaiche, go leor conspóide agus alltachta ag an am. Níos faide anonn cuireadh ar ais i láthair níos feiceálaí é taobh le leacht cuimhneacháin JFK.  

Ar an droch-uair, de bharr eachtra loitiméireachta in 1999, b’éigean an dealbh a bhogadh go dtí áit níos sábhailte mar gheall ar an drochbhail a bhí air. Tógadh an bhundealbh ón bhFaiche Mhór in 2004 agus aistríodh ar dtús é chuig oifigí na comhairle cathrach ar an mBóthar Beag agus ina dhiaidh sin chuig músaem cathrach na Gaillimhe ag an bPóirse Caoch, áit a bhfuil sé inniu. Tá an-áthas orm go bhfuil an Sáirsint Vincent Jennings agus an Garda Frank Keane, arbh iad a d’aimsigh ceann na bundeilbhe, anseo linn inniu.

I'm delighted to see Pacella Uí Chonaola, granddaughter of Albert Power and her husband Dara here today.  Albert was of course the creator of the original statue. Their daughter Lasairfhíona Ní Chonaola is secretary of the Albert Power Society and campaigned for many years for the replica statue to be erected in Eyre Square.

Bhí croílár aitheanta na cathrach ar iarraidh ar feadh na mblianta, agus dá bharr sin tá tábhacht nach beag ag baint le hócáid an lae inniu. I ndiaidh cúpla iarracht gan rath, ceadaíodh coimisiúnú an phíosa  bhreá seo ar deireadh. Teilgeadh an mhacasamhail chré-umha seo as múnla na bundeilbhe agus tá sé socraithe ar bhonn cloiche, as áit chónaithe mhuintir Uí Chonaire i Ros Muc i gConamara, a bhronn an teaghlach orainn.  

So many people must be acknowledged for getting us to where we are today. Firstly, the elected Members of Galway City Council, who provided the impetus and the funding for the creation and installation of the replica.

Ón tús, bhí baint an-mhór ag foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis an tionscadal, ina measc an Rannóg Pobail agus Cultúir agus an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Fóillíochta; san áireamh bhí Colm Ó Ríordáin, Pat McHugh, Kevin Neary, Patricia Philbin agus Gary McMahon, a raibh baint mhór acu leis an togra.  

Teilgcheárta CAST i mBaile Átha Cliath, go háirithe Leo Higgins – a fuair coimisiún chun macasamhail chruinn den bhundealbh a chruthú i gcré-umha. Agus nach breá an píosa den scoth atá cruthaithe acu.

I would also like to acknowledge the staff of Galway City Museum – Brendan McGowan & Eithne Verling – where the original statue continues to be housed. Brendan is an acknowledged expert on the subject of the original statue.

Artist, teacher and sculptor Maurice Quillinan from Limerick acted as Sculptural Advisor on the project from early days, his expertise proved invaluable.

Tá buíochas ar leith ag dul do Jane Conroy agus do mhuintir Uí Chonaire. Tuigim go bhfuil cuid den chlann tar éis taisteal ón mBreatain agus ón Spáinn le haghaidh na hócáide seo. Chuir siad an chloch eibhir óna n-áit chónaithe i Ros Muc ar fáil, mar a luaigh mé roimhe seo, áit ar thóg a uncail Padraic ó bhí sé aon bhliain d’eag d’aois.

Bhuail an fhoireann tionscadail ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis an gclann mí Feabhra seo caite chun coincheap an bhalla a bhfuil an dealbh suite air a chur chun cinn, ionas go bhféadfadh cuairteoirí suí in aice le Sean Phadraic agus an traidisiún a athbheochan go bhféadfaí grianghraf a ghlacadh agus tú le taobh na deilbhe.

Ba í Jane a mhol an chloch eibhir as Ros Muc a úsáid agus glacadh go fonnmhar leis an smaoineamh. Roghnaigh Denis Goggin agus an máistircheardaí Réamonn Ó Flatharta an chloch agus dhear siad agus thóg siad an balla timpeall ar an dealbh.  

Bhí rianú, cóipeáil agus greanadh na bunscríbhinne, atá taobh leis an mbundealbh agus atá cuimsithe anois sa bhalla, i gceist; is éard atá scríofa sa chló Gaelach ann – “Pádraic Ó Conaire, Fíor Ghaedheal agus Sár ughdar Gaedhilge, Rugadh 28-2-1882, Fuair Bás 6-10-1928”. Tagann leaca aolchloiche bladhmtha Chill Chainnigh sa cholbha go maith leis an aolchloch atá sa timpeall ar an bhFaiche Mhór. Tá an láthair chruinnithe ar ais i nGaillimh arís, agus cá bhfios cé mhéad ceiliúr pósta, corn Mhic Cárthaigh agus Mhig Uidhir a thiocfaidh i láthair sna blianta atá amach romhainn!

Ba mhaith liom clabhsúr a chur ar mo chaint le freagra a thug an dealbhóir cáiliúil Edward Delaney, a raibh cónaí air i gConamara, nuair a iarradh air sainmhíniú a thabhairt ar phíos ealaíne agus dúirt: “No one should ask what a work of art is.” Paradacsúil, teibí, ach i gcónaí ábhartha. Tá seasmhacht ag baint le saothar agus oidhreacht Edward Delaney, agus tá sé ábalta cur suas le lorg aimsir na hÉireann agus níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh an saothar breá ealaíne seo an rud céanna.

Go raibh míle maith agaibh