ÓRÁID AN UACHTARÁIN I gCARNA DUAISBHRONNADH GHLÓR NA nGAEL 24 AIBREÁN, 1994
ÓRÁID AN UACHTARÁIN I gCARNA DUAISBHRONNADH GHLÓR NA nGAEL 24 AIBREÁN, 1994
Tá mé an-ríméadach go bhfuil mé i gCarna inniu. Mar is eol díbh, tá spéis ar leith agam féin i gcúrsaí forbartha pobail agus tugann sé an-mhisneach dom nuair a fheicim grúpaí ar fud na tíre ag obair ar son a n-áit féin. Cuireann sé ríméad orm go bhfuil tuiscint ag muintir na Gaeltachta go bhfuil seod luachmhar acu sa nGaelige. Tá tuiscint ag cuairteoirí anois freisin go bhfuil ómós ag dul don teanga agus don chultúr. Cabhróidh Teilifís na Gaeilge leis an dtuiscint seo.
Tá Éireannaigh ar fud an domhain bródúil gur féidir leo a rá go bhfuil áiteanna in Éirinn, ar nós Carna, ina bhfuil Gaeilge á labhairt go nádúrtha leis na mílte bliain. Bhíodh bród ar leith ar chéad Uachtarán na hÉireann, Dughbhlas de h-Íde gach uair a sheasadh se sa nGaeltacht; agus ar gach Uachtarán a thainig ina dhiaidh. Bíonn an bhród céanna sin ormsa gach uair a sheasann mé féin i measc muintir na Gaeltachta. Tá an bhród sin orm anseo i gCarna inniu. Is go dtí an Ghaeltacht ar dtús a tháinig mé féin agus mo fhear céile agus mo chlann ar saoire trí bliana ó shoin - go dtí Gaeltacht Chonamara, áit a bhfuil Gaeilge "Ó Bhearna go Carna". Bhí muid anseo go minic ó shoin agus sna Gaeltachtaí eile freisin. Chaith muid laethe saoire ar Inis Meáin anuraidh agus arís i mbliana agus thug muid cuairt ar na hoileáin eile ar fad freisin.
Tá mé buíoch do Ghlór na nGael, do Bhord na Gaeilge, don Roinn agus do na bailte ar fad a bhí páirteach sa gcomórtas. Ach go mór mór tá mé buíoch díbhse, muintir Charna as an fháilte a chur sibh romham anseo inniu. Tá cáil ar bhádóirí Charna, ar amhránaithe Charna, ar cheoltóirí agus damhsóirí Charna - agus na laethannta seo tá cáil ar 'ambulance' Charna!
Tá moladh speisialta ag dul díbh gur sheas sibh le Gaeilge nuair is mó a bhí brú oraibh agus sibh ar imeall na Gaeltachta. Tá mé ríméadach go bhfuil aitheantas á fháil agaibh anseo inniu. Tá an duais mhór tuillte agaibh. Go maire sibh bhur nuaíocht!


Téigh ar Ais