Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit Uachtarán na hIodáile atá le teacht

Dáta: hAo 9th Fea, 2018 | 12:19

Tiocfaidh a Shoilse, an tUasal Sergio Mattarella, Uachtarán na hIodáile, ar Cuairt Stáit go hÉirinn  Dé Céadaoin 14 Feabhra. 
Ar maidin Dé Céadaoin 14 Feabhra, cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le searmanas fáiltithe in Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú idir an bheirt Cheannairí Stáit. 
De réir an traidisiúin, déanfaidh an tUachtarán Mattarella iniúchadh ar Gharda Onóra in Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin beidh cúirtéis ghunna is fiche agus tareitilt, á cur i bhfeidhm ag an Aerchór, á gcur ar fáil. 
Cuirfidh an tUachtarán  Mattarella crann i dtailte Áras an Uachtaráin chomh maith, mar chomhartha ar an gcairdeas atá idir an dá thír. 
Ar oíche an 14 Feabhra, cuirfidh an tUachtarán ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáilte roimh an Uachtarán Mattarella ag Dinnéar Stáit ar siúl in ómós dó.