Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú a reáchtáil in Áras an Uachtaráin

Dáta: Lua 5th Már, 2018 | 11:09

Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáiltiú a reáchtáil in Áras an Uachtaráin, Déardaoin 8 Márta, chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh.

I mbliana, déanfaidh an tUachtarán céad bliain d’aitheantas teoranta do cheart na mban vóta a chaitheamh sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn a chomóradh.

Beidh grúpaí a bhíonn ag ceiliúradh agus ag moladh rannpháirtíocht iomlán na mban i saol na polaitíochta i láthair.

Ina aitheasc, molfaidh an tUachtarán an ghluaiseacht um cheart vótála do mhná, agus na mná agus na fir sin go léir a bhí i mbun feachtais go cróga chun na cearta sin a bhaint amach, chomh maith leo siúd atá fós ag moladh go mbeadh ionadaíocht níos fearr ag mná i ngach gné de shochaí na hÉireann.