linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Leabharlann na Meán
Back Button Téigh ar Ais

Cóisirí Gairdín 2016

Déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn sraith Cóisirí Gairdín a reáchtáil an samhradh seo arís, chun saothar daoine agus eagraíochtaí atá gníomhach i gcúrsaí saoránachta agus pobail, téamaí atá lárnach in Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn, a cheiliúradh.

Tá na Cóisirí Gairdín ag leanúint de thraidisiún na n-iarUachtarán agus i mbliana cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh breis agus 4,000 duine ó gach cearn in Éirinn chuig a n-áit chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce. 

Cuimseofar raon téamaí i gCóisirí Gairdín na bliana seo: 

·     Is lá ‘Ilchultúrtha’ a bheidh sa chéad chóisir gairdín agus beidh ionadaithe ó réimse leathan grúpaí cultúrtha agus eitneacha in Éirinn i láthair; 

·    Ansin beidh cóisir gairdín tiomnaithe don téama  “Forbairt Inbhuanaithe’; 

·    Beidh cóisir gairdín eile ann do dhaoine atá páirteach in imeachtaí pobail agus i ngrúpaí deonacha;

·    Ag leanúint ar aghaidh, beidh ceiliúradh ar an nGaeilge ag an gcóisir "Gaeilge sa Ghairdín"; 

·    Beidh cóisir gairdín ann chun Bloomsday a cheiliúradh;

·    Tharla gur bliain ar leith atá anseo, beidh imeacht de chuid an Stáit chun 1916 a chomóradh, agus é    dírithe ar na páistí a maraíodh le linn Sheachtain na Cásca, dar teideal “Páistí na                  Réabhlóide”;    

·    Bíonn suim mhór i gCóisir Ghairdín an Teaghlaigh, agus cuirtear an tsláinte do chách agus de gach aois  chun cinn.                                 

·    Beidh cóisir gairdín ann chun Lá Idirnáisiúnta an Ióga de chuid na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh.