Faisnéis Eagraíochta
Cé muid féin
Tá foireann státseirbhíseach agus daoine eile atá ceaptha go pearsanta ag an Uachtarán i dteaghlachas an Uachtaráin.
Cé leis a mbímid ag obair
Tugann Tithe an Oireachtais, Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit tacaíocht ar bhealaí éagsúla d’Áras an Uachtaráin agus d’Oifig an Uachtaráin. Tugann baill foirne Oifig na nOibreacha Poiblí, Óglaigh na hÉireann agus An Gharda Síochána, atá lonnaithe in Áras an Uachtaráin, tacaíocht d’obair an Uachtaráin chomh maith.
Céard a chosnaíonn sé
Bhí luach €3.8 milliún ar chostais dhíreacha Oifig an Uachtaráin in 2022.
San fhigiúir seo tá íocaíocht €1.25 milliúin Dheontas do dhaoine atá in aois a gcéid san áireamh, a íocadh do 476 saoránach Éireannach i mbaile agus i gcéin a raibh céad bliain slánaithe acu. Bhí costas €1.91 milliún ar fhoireann 24 oibrí in Áras an Uachtaráin. Le fáil sa chuntas leithghabhála seo, a mbíonn tuarascáil iniúchóra bliantúil foilsithe air ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, dála cuntais uile na Ranna éagsúla, tá sonraí maidir le costais reatha Oifig an Uachtaráin.
Tá sonraí na gcostas a bhaineann le Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit eile, a chuireann tacaíocht agus seirbhísí coimhdeacha ar fáil d’Oifig an Uachtaráin, san áireamh chomh maith. Is faoi na Ranna agus na Gníomhaireachtaí éagsúla atá sé soláthar na seirbhísí tacaíochta seo a chur ar fáil d’Oifig an Uachtaráin (m.sh. Slándáil na nGardaí, cothabháil OPW an Árais srl).
Níl smacht ar bith ag Oifig an Uachtaráin ar chinntí maidir le scála an chaiteachais úd.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Oifig an Uachtaráin |
Costais do 2022 (€) |
Ranna agus Comhlachtaí Stáit eile a chuireann tacaíocht ar fáil d’Oifig an Uachtaráin |
Costais do 2022 (€) |
Feidhm |
Tuarastail, pá agus liúntais (24 ball foirne) |
1,909,000 |
Oifig na nOibreacha Poiblí |
894,000 1,036,000 233,000 |
Costais Foirne OPW Cothabháil réadmhaoine Leictreachas agus gás
|
Deontas do dhaoine atá in aois a gcéid (476 saoránach sa bhaile agus thar lear a shlánaigh 100 bliain) |
1,246,000 |
Garda Siochana |
229,000 |
|
Taisteal agus costais chothaithe |
104,000 |
An Roinn Cosanta |
486,000 |
|
Traenáil agus Forbairt |
7,000 |
An Roinn Gnóthaí Eachtracha |
110,000 |
|
Seirbhísí Gairmiúla, Comhairleachta agus eile
|
185,000 |
Lárchiste |
960,000 |
|
Caiteachas Oibriúcháin |
270,000 |
Oifig an Aire Airgeadais |
12,000 |
|
Costais sócmhainne agus trealaimh |
32,000 |
Aoisliúntas agus Liúntais Scortha |
762,000 |
|
Costais áitreabh agus lóistín |
2,000 |
Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte |
72,000 |
|
Costais Cumarsáide agus Margaíochta | 74,000 |
Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais |
64,000 | |
Leithghabháil chabhrach | -110,000 | |||
IOMLÁN |
3,719,000 |
IOMLÁN |
4,858,000 |