Fáiltíonn an tUachtaráin roimh fhaighteoirí Gradam um Shaoránacht don Óige, a bronntar go…
Tuesday, 30th May, 2017
Am: 11:30
Suíomh: Áras an Uachtaráin
...bliantúil ag Foróige.
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhaill chlub óige ó Bhealach An Doirín, Co. Ros Comáin in Áras an Uachtaráin.
Bhí na daoine óga ina mbuaiteoirí ar Ghradam Bliantúil Saoránachta na nÓg de chuid Fhoróige, as a dtionscadal ar fháiltiú roimh theifigh déagóra ón tSiria chuig a bpobal.
Bhí a dtionscadal ar cheann de na céadta tionscal, a raibh níos mó ná 2,000 ógánach páirteach iontu, agus iad san iomaíocht lena chéile i gcomhair na ngradam bliantúil, trí imeachtaí i réimsí mar an gcomhionannais, an easpa dídine, an mheabhairshláinte agus athnuachan pobail.


Téigh ar Ais