Fáiltíonn an Uachtarán roimh A Mórgacht Impiriúil, An Banphríonsa Takamado ón tSeapáin…

hAo 7th Iúi, 2017 | 15:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an Uachtarán roimh A Mórgacht Impiriúil, An Banphríonsa Takamado ón tSeapáin…

...ar chúirt chúirtéise.

 

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A Soilse Impiriúil An mBanphrionsa Takamado, Dé hAoine 7 Iúil.

Chomh maith leis an iliomad ról agus dualgas bunreachtúil atá uirthi, tá an Banphrionsa ina Leas-Uachtarán Oinigh ar Chros Dhearg na Seapáine, Cumann Peile na Seapáine agus Institiúid Bhád Tarrthála na Seapáine, agus ina hUachtarán Oinigh ar BirdLife International, comhghuallaíocht dhomhanda d’eagrais chaomhnaithe neamhrialtasacha. 

Agus í in Áras an Uachtaráin, thug an banphrionsa cuairt ar an gcrann a chuir an tImpire Akihito, nuair a thug sé cuairt ar Éirinn in 1985 agus é ina Phrionsa Corónach ag an am.

Is é seo an dara cuairt ag an mBanphrionsa ar Éirinn, agus bhí sí anseo cheana ag na Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda i samhradh na bliana 2013. Ag an am sin rinne sí freastal ar roinnt imeachtaí, ina measc cluiche liathróid eitpheile, lúthchleasaíocht agus snámh, agus thug sí tacaíocht d’fhoireann na Seapáine. Bhuail A Soilse Impiriúil An Banphrionsa Takamado leis an Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa chomh maith in Áras an Uachtaráin ar an 27 Meitheamh 2003.