Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phrionsa na Breataine Bige agus roimh Bhandiúc Chorn na Breataine…

Céa 10th Bea, 2017 | 15:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phrionsa na Breataine Bige agus roimh Bhandiúc Chorn na Breataine…

...go hÁras an Uachtaráin

 

Is é seo an tríú cuairt ag an bPrionsa Seárlas ar Áras an Uachtaráin. Chuir an t-iarUachtarán Mary Robinson fáilte roimh an bPrionsa i mí an Mheithimh 1995 agus chuir an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa fáilte roimhe chuig an Áras i mí Feabhra 2002.

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an bPrionsa Seárlas roinnt uaireanta, cuairt an Uachtaráin ar an RA in Aibreán 2014 san áireamh. Níos déanaí, bhuail an tUachtarán agus an Prionsa le chéile sa Tuirc in Aibreán 2015, ag comóradh céad bliain Chath Gallipoli, agus níos déanaí arís ag Loch Cútra i gContae na Gaillimhe.

Thaispeáin an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn‘Clog na Síochána’i dTailte   Áras an Uachtaráin don Phrionsa agus don Bhandiúc. Dearadh Clog na Síochána, a nochtadh in 2008, chun deich mbliana Chomhaontú Bhéal Feirste a chomóradh.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do grúpa beag daoine óga chun bualadh leis an bPrionsa agus leis an mBandiúc, mar chuid d ’imeacht dar teideal “Daoine óga ag obair chun an eitic agus an barr feabhais a chur i bhfeidhm”.  Rinne daoine óga ó gach cearn den tír agus iad ina n-ionadaithe ar dhomhan an spóirt, na healaíne, an cheoil, na talmhaíochta agus na habhcóideachta a gcuid oibre agus a n-éachtaí a phlé leis an bPrionsa agus leis an Uachtarán.