Tugann an tUachtarán Óráid ag comóradh bhliantúil Mhichil Uí Choileáin i mBéal na mBláth

Dom 21st Lún, 2016 | 15:30
suíomh: An Baile Gallda, Maigh Chromtha

An Baile Gallda, Maigh Chromtha

Sunday, 21st August, 2016

Tugann an tUachtarán Óráid ag comóradh bhliantúil Mhichil Uí Choileáin i mBéal na mBláth

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an gcéad duine a thug an t-aitheasc ag comóradh bliantúil Bhéal na Blá agus é ar seirbhís mar Uachtarán na hÉireann.

Bíonn an t-imeacht bliantúil ar siúl ar an Domhnach is gaire don 22 Lúnasa, an lá in 1922 nuair a maríodh an Ginearál Micheál Ó Coileáin, Ardcheannasaí Arm na hÉireann, le linn luíocháin i rith an Chogaidh Chathartha.