An tUachtarán i láthair ag Cluiche Cáilithe do Chorn an Domhain, idir Éire agus An Ostair
Sunday, 11th June, 2017
Am: 17:00
Suíomh: Staid Aviva, Baile Átha Cliath
Dé Domhnaigh 11 Meitheamh, ghlac an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Chearta an Duine Zeid Ra’ad Al Hussein seasamh ar son na caoinfhulaingthe, na síochána agus anmheasa ar chearta an duine.
Bhí an tUachtarán agus Ard-Choimisinéir na NA i láthair ag cluiche cáilíochta chraobhchomórtas an Domhain idir Éire agus An Ostair, agus le linn an chluiche tharraing siad aird ar an tábhacht a bhaineann le meas a thabhairt do chearta gach aon duine agus iad a chomhlíonadh.
Bhí an tionscnamh á chur i gcrích i gcomhthéacs comhpháirtíocht Chumann Peile na hÉireann le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe agus a feachtas “Seas ar son Chearta Duine Éigin Inniu”, agus iarradh ar an lucht leanúna seasamh ar son an mheasa, na comhbhá agus chosaint chearta an duine


Téigh ar Ais