An tUachtarán i láthair ag cruinniú déthaobhach le hUachtarán an Phoblacht Heilléanach…

Déa 22nd Fea, 2018 | 10:15
suíomh: Presidential Mansion, Athens
An tUachtarán i láthair ag cruinniú déthaobhach le hUachtarán an Phoblacht Heilléanach…

...Prokopios Pavlopoulos

 

 

Ag tús a Chuairte Stáit, bhuail an tUachtarán Ó hUigínn lena Shoilse Prokopios Pavlopoulos, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí. 

Bhuail an bheirt Cheann le chéile i dTeach Mór an Uachtaráin i gceartlár na hAithne, áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na Gréige. Tógadh an Teach Mór mar phálás ríoga in 1897.


Maidir le Cuairt Stáit an Uachtaráin agus Saidhbhín Bean Uí Uigínn, tá sé beagnach sé bliana déag ó thug Ceann Stáit na hÉireann Cuairt Stáit dá leithéid ar an nGréig, agus í ag tarlú ag am tábhachtach don Aontas Eorpach. 
Tá caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an Ghréig ar bun le os cionn 40 bliain, ón mbliain 1977. Bhí Cuairteanna Stáit ann roimhe seo - chuaigh an t-Iar-Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa ar cuairt ar an tír in 2002 agus tháinig Iar-Uachtarán na Gréige ar cuairt ar Éirinn sa bhliain 2000.