Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, i ndáil le searmanas lasta soilse ar an gCrann Nollag

Sat 9th Nol, 2017 | 15:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, i ndáil le searmanas lasta soilse ar an gCrann Nollag

Gach bliain tagann thart ar 20,000 duine ar cuairt ar Áras an Uachtaraín, mar aíonna ag cuid den iliomad imeachtaí a eagraítear i dteach cónaithe Uachtarán na hÉireann.

Ag ceann amháin de na himeachtaí sin, a tharlaíonn gach bliain ag tús mhí na Nollag, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidbhín fáilte roimh na gcéadta teaghlach chuig an Áras chun a bheith i láthair nuair a chastar air soilse na Nollag go hoifigiúil. Is ócáid ar leith a bhíonn anseo, mar a gcuireann an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte speisialta roimh na páistí in Áras an Uachtaráin tríd an teach a athrú ina áit lán le hiontais an gheimhridh, le soilse glioscarnacha, réinfhianna bréige agus béiríní geala bána agus tagann Daidí na Nollag é féin i láthair go speisialta.