Teacht A.Sh. Kolinda Graber-Kitarovic, Uachtarán Phoblacht na Cróite ar Chuairt Stáit

Lua 3rd Aib, 2017 | 10:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Teacht A.Sh. Kolinda Graber-Kitarovic, Uachtarán Phoblacht na Cróite ar Chuairt Stáit

Thug Uachtarán na Cróite, an tUasal Kolinda Grabar-Kitarovic, Cuairt Stáit ar Éirinn ón 3 go dtí an 5 Aibreán 2017. 

Mar chuid den chlár in Áras an Uachtaráin, bhí cruinniú le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, garda onóra, cúirtéis ghunna is fiche agus tareitilt ag Aerchór na hÉireann. De réir an traidisiúin, chuir an tUachtarán Grabar-Kitarovic crann i dtailte Áras an Uachtaráin, chomh maith, mar chomhartha ar an gcairdeas a cheanglaíonn an dá thír le chéile.  

---

Chuir Uachtarán crann darach Gaelaí ag  Áras an Uachtaráin.

Thar na blianta chuir an iliomad daoine mór le rá agus cuairteoirí crainnte i dtailte Áras an Uachtaráin. Chuir an Pápa John Paul II crann darach ar an bhfaiche os comhair na póirseáide ó dheas in 1979.  Chuir an tUachtarán John F. Kennedy agus Éamon de Valera araon Wellingtonia ar na tailte nuair a thug Uachtarán SAM cuairt ar an 27 Meitheamh 1963. Tamall ó shin chuir an Bhanríon Eilís II agus an tUachtarán Barack Obama araon crann darach gallda gar do Chlog na Síochána le linn a gcuairteanna ar Éirinn i mBealtaine 2011, agus i Meitheamh 2016 chuir grúpa páistí crann chun an 40 páiste a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916 a chomóradh.  

Chuir Dúghlas de hÍde, agus é ina chéad Uachtarán ar Éirinn, leamhán Cornach ar fhaiche thuaidh Áras an Uachtaráin i mí an Mhárta 1939. Ó shin i leith chuir gach aon duine de naonúr Uachtarán na hÉireann crann oifigiúil i dtailte an tí chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.