Páirc an Fhionnuisce

Tá Páirc an Fhionnuisce an-sean chomh maith: Cruthaíodh an pháirc os cionn 350 bliain ó shin mar áit le fianna a choimeád don Rí Seárlas II (in 1662).

Stair na Páirce

Tá fianaise ag seandálaithe go raibh daoine ina gcónaí sa cheantar a bhfuil an Pháirc anois ann le linn na clochaoise, chomh fada siar le 5,000 bliain ó shin. Fuair eolaithe fianaise chomh maith go raibh reilig mhór Lochlannach ann - an reilig is mó dá sórt taobh amuigh de Chríoch Lochlann.

Níos sine ná an tÁras

Is é Caisleán Bhaile an Ásaigh, a thóg na Normanaigh, an foirgneamh is sine sa Pháirc. Tá Ionad Cuairteoirí le taobh an chaisleáin, a mhíníonn stair na Páirce agus a thaispeánann na hainmhithe a mhaireann ann.

Cuairt ar an bPáirc inniu

Sa lá atá inniu ann, tá cáil ar an bPáirc mar gheall ar na fianna ann a shiúlann thart gan srian orthu. Is de shliocht na bhfianna buí iad, a tugadh isteach sa pháirc sa seachtú haois déag ionas go bhféadfaí iad a fhiach. Ar an dea-uair, tá siad faoi chosaint an dlí inniu. Má thugann tú cuairt ar an bpáirc, coinnigh súil amach le haghaidh cuid de na foirgnimh agus na séadchomharthaí tábhachtacha eile (amhail Séadchomhartha Wellington, Teach Farmleigh, Dún na hArmlainne, Cros an Phápa agus Séadchomhartha an Fhéinics) agus Gairdín na nAinmhithe. É sin nó tóg siúlóid álainn duit féin.

Cad a d'fhoghlaim tú?

Freagair na ceisteanna faoin Uachtarán reatha chun d'eolas a thástáil.

{{question.title}}

{{question.text}}


Torthaí

Scór iomlán: {{score()}} / {{quiz.questions.length}}