Latest News

Fáilte chuig President.ie

Posted on 03/27/14, at 11:47

Insealbhaíodh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar 11 Samhain 2011. A óráid insealbhaithe le feiceáil, le cloisteáil agus le léamh anseo.

 

- Éist leis an óráid tionscnaimh

- Féach ar an óráid tionscnaimh

Insealbhaíodh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar 11 Samhain 2011. A óráid insealbhaithe le feiceáil, le cloisteáil agus le léamh anseo

A mhuintir na hÉireann agus a chairde na hÉireann sa bhaile agus i gcéin, níl ann d’onóir níos mó ná a bheith tofa i m’Uachtarán ar Éirinn. Gabhaim buíochas libhse, a mhuintir na hÉireann as an onóir atá bronnta agaibh orm agus glacaim le freagrachtaí ollmhóra na hoifige sin, freagrachtaí ar mór agam iad.
A shaoránaigh na hÉireann, tá sibh tar éis mé a thoghadh mar an naoú Uachtarán agaibh, le hionadaíocht a dhéanamh ar bhur son sa bhaile agus i gcéin, agus fónamh oraibh mar shiombal d’Éireannachas ar féidir linn a bheith mórtasach as. Éireannachas a iompraíonn gach saoránach agus nach mór dúinn a thabhairt chun cuimhne agus a mhúnlú as an nua le chéile.

Is le humhlaíocht a thionscnaím an naoú hUachtaránacht, ach le muinín freisin i mórchumas ár muintire, muintir na hÉireann, ní hamháin le deacrachtaí na linne a shárú ach leis na féidearthachtaí iontacha uile atá romhainn, dar liom, sna blianta amach anseo a fhíorú.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chion ollmhór atá déanta acu siúd a d’fhóin romham san oifig seo, go háirithe ag an mbeirt bhan mhór a bhí inti díreach romham. Rinne siad a gcion maidir le forás ar ár dtuiscint ar chearta daonna, cuimsiú pobail, agus an tasc mórthábhachtach a ghabhann leis an tsíocháin a neartú agus a bhuanú taobh istigh de phobail i ngach cuid dár n-oileán agus idir phobail. Sin obair a mbeidh mé ar mo dhicheall í a choinneáil ar aghaidh agus cur léi.

Agus mé i m’Uachtarán agaibh, tá mé buíoch díobh as méid bhur dtacaíochta agus an sainúdarás tréan atá tugtha agaibh dom. Aithním freisin na dúshláin atá romham, dúshláin atá romhainn ar fad, le críoch a chur le caibidil atá tar éis muid a fhágáil leochaileach mar gheilleagar, ach, thar rud ar bith eile, créachtach mar shochaí, le leibhéil dífhostaíochta nach féidir glacadh leo, neamhshláine morgáistí, cliseadh ar luachanna réadmhaoine agus ionchais nár fíoraíodh. Le linn an fheachtais agam don Uachtaránacht, tháinig mé ar an bpian sin go háirithe i measc na ndaoine ba leochailí dár muintir. Mar sin féin aithním freisin go bhfuil ár muintir uile toilteanach bogadh ar aghaidh taobh anonn den fhearg, den fhrustrachas agus den tsoiniciúlacht agus fad a bhaint as ár neart curtha le chéile.

Agus muid ag cur críoch le caibidil a bhaineann le teip, nárbh é an leagan ab fhearr dúinn mar phobal, agus muid ag oscailt caibidile nua bunaithe ar leagan eile dár nÉireannachas – beidh athrú de dhíth inár machnamh polaitiúil, inár ndearcadh ar an saol poiblí, inár n-institiúidí, agus níos deacra ná aon rud eile, inár gcomhfhios.

Agus an claochlú sin á dheanamh, beidh sé riachtanach bogadh ar aghaidh ó na tuiscintí atá tar éis teipeadh orainn agus oibriú le chéile ar son sraith eile luachanna a chuirfidh ar ár gcumas geilleagar sóisialta inmharthana a thógáil mar aon le sochaí a bheas go díongbháilte eiticiúil agus uileghabháileach. Sochaí agus stát a thabharfaidh iontaobh agus muinín ar ais sa bhaile agus a bheas ina siombal fiúntach den Éireannachas thar lear, ag spreagadh caidreamh bunaithe ar mheas agus ar chomhoibriú ar fud na cruinne.

Beidh orainn saoránacht ghníomhach uileghabháileach a thógáil le chéile; bunaithe ar chomhpháirtíocht, ar chothromaíocht, ar mheas ar chách agus ar bhláthú cruthaíochta de gach cineál. Is é ár ndóchas pobal a mbeidh muinín acu astu féin, pobal a bheas ar a shocracht leis féin, pobal a thuigeann domhainbhrí an tseanfhocail ‘ní neart go cur le chéile’ – sa mhaith choiteann atá ár neart – ár ndlúthpháirtíocht shóisialta.

Sin iad mór-théamaí na hUachtaránachta atá curtha romham agam, agus mé

lán-dóchasach go bhfuilimid ar thairseach ré nua d’Éirinn agus d’Éireannaigh, sa bhaile agus i gcéin. Ré nua ina mbeidh bunluachanna na cothroime agus an chirt, agus spiorad na cruthaíochta, faoi bhláth: Poblacht, a mbeidh Éireannaigh de gach aicme agus traidisiún bródúil aisti.

Beidh an Uachtaránacht agamsa ina hUachtaránacht chlaochlaithe, ag aithint na dtionscnamh dearfacha atá ar bun cheana féin sna pobail, sa gheilleagar, agus in iarrachtaí aonair agus comhphobail ar fud na tíre agus tógáil orthu. Beidh sí ina hUachtaránacht a dhéanfaidh ceiliúradh ar ár bhféidearthachtaí uile. Déanfaidh sí iarracht a bheith ina cúnamh agus ina spreagadh maidir le hinfheistíocht agus cruthú post, le nuálaíocht agus machnamh úrnua – Uachtaránacht smaointe – agus aithneoidh sí paraidímí nua machnaimh agus gníomhaíochta agus beidh sí ar oscailt dóibh. Beidh sé mar chuspóir aici na smaointe is fearr a thabhairt chun réalachais ar mhaithe lenár muintir uile, ár bhféidearthachtaí gan teorainn a thabhairt chun críche.

Agus an sainúdarás a thug sibh dom á chur i bhfeidhm agam, cuirfidh mé romham saoránacht uileghabháileach a bhaint amach ina mbeidh gach saoránach comhpháirteach agus ina léireofar meas don uile dhuine. Tarraingeoidh mé aird ar thionscnaimh uileghabháileacha ar fud na hÉireann agus tacóidh mé leo agus beidh sé ina thosaíocht agam cuairt a thabhairt ar an dream daoine is mó atá eisiata inár sochaí, iad siúd atá faoi chúram institiúidiúil san áireamh, agus tacú lena bpáirtíocht sa sochaí.

Cuirfidh mé chun tosaigh pobail chruthaíocha atá ag baint athruithe dearfacha amach ag an leibhéal áitiúil trí aitheantas a thabhairt dóibh ar ardán náisiunta. Creidim go leagaimid síos fotha d’fhostaíocht inmharthana i dtionscail chruthaíocha nuair a spreagaimid ceapach síolta na cruthaíochta inár bpobail agus nuair a chinntímid go mbíonn deis ag gach páiste agus duine fásta iad féin a chur in iúl go cruthaíoch, agus freisin go saibhrímid ár bhforbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch.

Agus uileghabháileacht agus cruthaíocht á gcur chun cinn agam, beidh mé ag tabhairt cuireadh do na saoránaigh uile, beag beann ar aois, a gcion samhailteach agus praiticiúil féin a dhéanamh i múnlú ár gcomhthodhchaí. Bíonn idir thoil agus dheis páirtíochta ag gach leibhéal agus ar gach bealach de dhíth ar an saoránacht ghníomhach – le bheith ina saighead; seachas bheith ina sprioc.

Beidh Bunreacht na hÉireann ann le 75 bliana an bhliain seo chugainn agus tá sé beartaithe ag an Rialtas go mbeidh Coinbhinsiún Bunreachta ann. Mar Uachtarán, tá mé ag tathaint ar na saoránaigh uile, beag beann ar aois, sa bhaile agus i gcéin, glacadh leis an deis páirt a ghlacadh san athbhreithniú tábhachtach seo, deis machnamh a dhéanamh ar cár as muid agus an léargas a bheadh againn orainn féin sa todhchaí.

Tá sé i gceist agam freisin le linn m’Uachtaránachta, roinnt Seimineár Uachtaránachta a reachtáil a léireoidh téamaí atá tábhachtach dár gcomhshaol agus a dhéanfaidh iniúchadh orthu, téamaí atá éagsúil agus níos leithne ná mar a éilíonn reachtaíocht, téamaí ar nós athbhunú muiníne inár n-institiúidí, an bhaint eiticiúil idir ár ngeilleagar agus ár sochaí, todhchaí na hEorpa agus í bunaithe ar shíocháin, dlúthpháirtíocht shóisialta agus inmharthanacht.

Díreoidh an chéad cheann de na seimineáir seo ar shaol na n-óg in Éirinn. Pléifidh sé ceisteanna páirtíochta, oideachais, fostaíochta, eisimirce agus meabhairshláinte. Tá súil agam freisin go gcuimseoidh na seimineáir sa seacht mbliana atá romhainn breithniú ar cheisteanna domhanda, le béim ar an gceangal eiticiúil idir polaitíocht, eacnamaíocht forbairt agus an tsochaí.

Agus mé ag réiteach do m’Uachtaránacht, aithním gurb é an toradh ar ár ngleic fhada ar son saoirse pobal a chreideann i gceart na hintinne indibhidiúlaí an domhan a fheiceáil ar a bealach féin agus, go deimhin, go bhfuil an nuálaíocht indibhidiúlach agus neamhspleáchas intinne tar éis an-chuid tairbheoirí gradamacha a thabhairt d’Éirnn i gcúrsaí cultúir agus eolaíochta, daoine nach bhfuair aitheantas ceart go minic.

Mar sin féin, le blianta beaga anuas, chonaic muid cineál eile indibhidiúlachais ag teacht chun cinn – níos gaire d’fhéinchúis bunaithe ar bhreithniúcháin ábhartha amháin

– a raibh an claonadh ann an duine a mheas i dtéarmaí carnadh maoine seachas ar bhonn a dhínite bunúsaí. Muide a bhí thíos leis sin agus is é sin, méid áirithe, is cúis lenár ndeacrachtaí faoi láthair. Anois an t-am le filleadh ar shaíocht níos sine a aithníonn nach féidir cuid mhór de na rudaí is luachmhaire sa saol a thomhas, fad agus a nglacaimid leis gur buncheart ag an uile dhuine é compord ábhartha agus slándáil.

Sa deireadh thiar thall is sna hearnálacha cultúrtha agus spiorádalta a bhí rath orainn, dar leis an oiread sin daoine sa domhan mór – inár saothar daonnachtúil, i dtógail síochána agus i saothar cearta daonna – inár litríocht, ealaíon, drámaíocht agus amhránaíocht – agus sa chaoi inar chuidigh an drámaíocht agus amhranaíocht sin linn déileáil le cruatan, mar ar mhaolaigh siad an phian féin a ndéanann siad cur sios chomh maith sin uirthi, agus mar a nocht siad spás nua d’fhéidearthachtaí nua.

Déanann ár n-ealaíona ceiliúradh ar chaint, amhránaíocht agus rince na ndaoine agus sa deireadh thiar thall ar a gcumarsáid lena chéile. Is é sin a bhí i gceist ag Séamas Ó Conghaile nuair a dúirt sé: “Ireland without her people means nothing to me”. Bhí an Conghaileach mórtasach as an am a bhí thart ach, ar ndóigh, shíl sé go raibh na daoine a bhí ag dul thar fóir ag tabhairt ómóis don tráth sin ag iarraidh éalú ón ngleic agus ón ndúshlán láithreach. Chreid sé gur obair idir lámha a bhí in Éirinn, tír a bhí fós le samhlú agus le ceapadh go hiomlán – agus gur ábhar árdú meanman a bhí sa todhchaí go díreach toisc nach raibh sí infhiosaithe go hiomlán ná intomhasta.

Is dúshlan dúinn uile iad na héilimh agus na sásaimh a ghabhann le fíor-Phoblacht uileghabháileach sa chiall is leithne a thógáil, ach is dúshlán é ar cheart dúinn tabhairt faoi le chéile.

Tá deich mbliana de chomórthaí romhainn – deich mbliana a chuirfidh iallach orainn breithniú go macánta ar bhuneachtraí inár nua-stair mar náisiún agus machnamh a dhéanamh orthu; a chuirfidh iallach orainn tarraingt ar eitic agus ar pholaitíocht na cuimhne ar bhealach a chuirfidh ar ár gcumas ní hamháin a bheith tuisceanach maidir le leaganacha éagsúla agus neamhiomlána den stair sin, ach freisin le bheith ar oscailt d’athmhuintearas nó glacadh le leaganacha éagsúla de ghnéithe agus imeachtaí na cuimhne, nuair is gá.

Is féidir comh-thodhchaí le chéile a bhaint amach agus é bunaithe ar spiorad an chomhair, an chomh-thoil agus fíorpháirtíocht i ngach gné den saol poiblí agus creidim gur féidir é sin a bhaint amach i dteannta a chéile. Bhí cuid de na heachtraí ba shaibhre inár n-oidhreacht shaibhir dírithe ar an todhchaí agus ar thuiscint ar a mbeadh indéanta. Ba é sin a bhain neamhspleáchas amach dúinn. Ba é sin a chuir ar ár gcumas an cruatan a shárú agus is é sin a chuirfidh ar ár gcumas na deacrachtaí láithreacha a shárú agus an fhíor-Phoblacht ar féidir linn a thógail a cheiliúradh.

Ní mór a Aisling féin a bheith ag gach ré agus a bheith ag tnúth le comh-shaol níos fearr, níos cineálta, níos sona.

Ní díomas ach dóchas a bheidh ag teastáil uainn ins na blianta dúshlánacha atá amach romhainn. Dóchas as ár n-oidhreacht shaibhir, as ár ndúchas iolrach; dóchas as ár n-acmhainn samhlaíochta agus cruthaíochta; as an daonnacht choiteann a fáisceadh as stair chasta ár muintire i ngach cúinne d’Éirinn.

Is é is mian liom go mbeidh mé i m’Uachtarán do na hÉireannaigh ar fad sa bhaile agus i gcéin. Ní dán mistéireach is cúis leis na tosca a chuir iallach – agus a chuireann iallach i gcónaí – ar an-chuid saoránach fostaíocht agus saol níos fearr a lorg in áit eile. Tugann siad siúd dúshlan dár gcumas geilleagar inmharthana agus rathúil a chruthú mar aon le heiseamláir inspioráideach den dea-shochaí. Ní mór dúinn lenár linn féin tabhairt faoi na fíorthosca a ghineann eisimirce neamhshaorálach, agus féachaint chuige go n-oibreodh muid sna blianta atá romhainn le hiomlán ar bhfuinnimh agus ár meabhair chinn, le hintinn agus le croí, Éire a chruthú nach mbeidh na daoine óga ag ceapadh go gcaithfidís imeacht uaithi agus a mbeidh fonn ar ár n-eisimircigh, le himeacht ama, filleadh chun saothair agus le maireachtáil faoi dhínit agus faoi rath. Tugaim cuireadh do na hÉireannaigh uile, pé áit a bhfuil siad ar fud na cruinne, a bheith gafa linn i dtasc seo an athdhéanaimh ar ár ngeilleagar agus ar ár sochaí.

Agus, ár muintir atá lonnaithe i dtíortha ar fuaid an domhain mhóir, bíodh a gcás, a gcearta agus a ngaiscí siúd ar ár n-aire againn. Tá rian a saothair agus a ndíograis fágtha acu ar gach tír inar lonnaigh siad: ar an gcultúr polaitíochta agus creidimh, sna réimsí oideachais agus sláinte, san eolaíocht, san saol gnó agus sna healaíona ar fad: agus i ngluaiseachtaí éagsúla ar son chearta daonna agus dínit an duine. Ní suarach iad na gaiscí seo mar thaisce inspioráide dúinne sa bhaile.

Bídís seo, mar sin, ar ár gcomh-dhóchais, ár gcomh-chuspóir, agus muid ag tabhairt aghaidh ar an am atá le teacht. Is pobal cruthaíoch, acmhainneach, talannach agus croíúil muide Éireannaigh, le tuiscint dhaingean ar mhacántacht agus ar chóir. Tugaimís faoin seacht mblaina atá romhainn le dóchas agus misneach agus muid ag obair le chéile le todhchaí a thógáil dar dtír – Éire a mbeimid go léir páirteach inti, Éire a mbeimid uile mórtasach aisti.

A mhuintir na hÉireann, ar aghaidh linn le chéile leis an dóchas agus an misneach sin a bhí is ba chóir a bheith i gcónaí in ár gcroí.