Óráid ag Searmanas Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael
Óstán Teach Carton, Maigh Nuad, Co Chill Dara, 22 Aibreán, 2017
A Dhaoine Uaisle,
Is údar áthais agus gliondar dom a bheith in bhur gcuideachta anocht ag an ócáid speisialta seo ina ndéanfar ceiliúradh ar an obair dheonach atá á dhéanamh ó cheann ceann na tíre ar son na Gaeilge, ag coistí agus grúpaí pobail, cumainn Ghaelacha na nInstitiúidí Oideachais Tríú Leibhéal agus ag an gCumann Lúthchleas Gael. Ar an gcéad dul síos, is mian liom buíochas a ghabháil le Glór na nGael agus leis an Uasal Pat Carey, cathaoirleach, as ucht cuireadh a sheoladh…